Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)

Suíomh:
An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Seán de Crúis
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 212

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0109, Leathanach 212

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Log Buidhe
  2. XML Leathanach 212
  3. XML “An Gabha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá trí ceardchanna sa gceanntair seo agus an ceann is giorra duínn tá sé i Lios Dub. Fear mór láidir é an gabha agus teas tuigheann uaidh a beith láidir mar is cruaidh an obair a bhíos idir lámha aigge. Teach beag iseadh an ceardcha agus díon tuighe atá air.
    Oibrigheann an gabha sa gceardcha agus ma theigheann tú chuige bíonn duine i gcomhnaidhe ann. Tá Gabha i DTulach Racháin agus deirtear go raibh a sinnsear roimhe ina gaibhne. Mar sin ní h-iongadh ar bith go bhfuil sean seisean ina ghabha.
    Is aige atá na h-uirlisí a bhíos uaidh. Órd Bhuilg, inneoin, sgian le crúb an chapaill do ghearradh. Séideann sé an teine leis na builg Teine gual a bhíos aige. Deargann sé an t-iarainn san teine agus nuair bhíos sé dearg is mían leis cruth ar bith a chuir air.
    Deánann sé crudhte chapaill is asail agus geataí iarainn céachtaí, brácaí, acht is beag de chéactaí a dhéanann sé anois. Fadó is é an gabha a dhéanadh ar fad iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. gaibhneacht (~2,389)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sighle Ní Threinnseach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Mártan Ó Domhnallán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Seoladh
    An Feadh Mór, Co. Mhaigh Eo