Scoil: Log Buidhe (uimhir rolla 15539)
- Suíomh:
- An Log Buí, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán de Crúis
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Log Buidhe
- XML Leathanach 215
- XML “An Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is maith an ceard atá ag an gabha agus baineann sé slige-bheatha amach do fhéin is dá chann.
Déanann sé geataí, bucáin, crúidhte, agus a lán rudaí eile nach iad agus tá sé indhon deis do chuir ar phota briste.
Tá teach beag aige ar a dtugtar cearcha agus is annsin a dhéanann sé a chuid oibre.
Tá díon tuighe air agus tá na ballaí dubh lé deatach gual taobh istigh agus tá doras mór leathan ann lé na capaillí do theacht isteach agus dul amach.
Tá árdán beag ann agus tá teallach ar an árdán agus dáigheann se gúal nuair bíonn sé a deangadh na híarainn.
Tá builg agus inneó n ann chómh maith agus umar uisge leis an íarainn do fhúaradh.
Bíonn casúr éadhron agus casúr mór trom agus sgían is ord aige nuair bhíos sé ag obair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Nic Citt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Chillín, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Mártan Macuidhir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80