School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 197
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar bord na fairrge. Siubhal leo go dtainic siad go bruach aille. Shuideadhar síos annsin agus leig an sean dall glic air féin gur thuit sé in a chodladh agus rinn an bainrioghan rann.Go mba buaine an ghaot indeas ar eagla dul o thuaidh
Ní thigean beart ar bith gan fáth,
Agus is mairg a chuaidh mo grádh ar buaidh.D'eirigh an sean dall glic agus chuaidh sé abhaile agus an bainrioghan óg leis. D'innis sé d'a hathair go ndearna sí rann agus gur ar farrige a bhí an fear a bhí sí ag dúil leis. Nuair a chuala an rí sin chuir sé sgéala faoi dhéin cinn de na ríghte do bhí gá hiarraidh agus pósadh iad.Mhair an féasta naoi n-oidhche agus naoi lá. Ar deireadh na féasta sheol an caiptín a bhí sí in grádh leis isteach ingar do teach an riogh agus chuir sé tuaraisg le daoine faoi ingean an righ agus dubhairt siad leis go raibh sí pósta agus go raibh an pósadh dá caitheamh. Níor stad sé go dtainig sé isteach go teach an riogh. Níor aithin sí é. Fuair sé gloine fuisge le n-ól. Nuair a bhí sé ag tabhairt an gloine ar ais dí leig sí fáinne óir síos ann agus d'aithin sí é. Comharta é sin a bhí eatorra sul a d'fág sé an baile."Má's éan thú a chuaidh ibhfad agus d'fágaidh do nead i do dhiaidh
A leigfeadh anál faoi na bruacha
Bhéarfaidh fuath gach n-éan.""Más éan mise a chuaidh ibhfad agus thug mo graithe(continues on next page)- Collector
- Mícheál O Giontaigh
- Gender
- Female
- Address
- Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo
- Informant
- Mícheál O Giontaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 79
- Address
- Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo