Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 212
- XML (gan teideal)
- XML “Ciste Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí fear darbh ainm Antona O Cormaic in a chomhnaidhe i Dúnatha os cionn cead bliadhain o shoin.”
Bhí fear darbh ainm Antona O Cormaic in a chomhnaidhe i Dúnatha os cionn cead bliadhain o shoin. Nuair a scaipeadh a chlann bhí a lán ór aige.Bhí faithchíos air roimh na robálai, agus mar ní raibh aon banc ann an uair sin do chuir sé faoi lic a teallaigh éLeis an aimsear tuiteadh an sean-teac agus tógadh na clóca le na comairsain le tighte a tógáil.Bhí brionglóid ag caraid do thall i Amerioca go raibh an t-ór ann agus tháinig sé le cúpla bliadhain anuas dá cuartú.Bhí móinfhear ag fás ar rian an sean tighe agus ni raibh sé ábalta é a fághail acht siltear go bhfuil sé ann go foill.- Bailitheoir
- Peadar O Cléirigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seamas O Cléirigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Baile Chruaich, Co. Mhaigh Eo
- Deairtear go bhfuil pota óir a dumaigh Dumhafhrighil. Do feichtí solus ós a cionn go minic acht ní raibh misneach ag duine ar bith e a fhághail.Oidhche amháin fadh ó shoin bhí beirt fhear ag dul thar an áit agus chuala siad guth a rádh “Nach mbeadh sé an mi-ádh mór dá mbeadh fhios ag duine ar bith cá bhfuil an tór seo cuirte”. Chuaidh an fear chomh fada leis an áit(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seamas Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Antona Mac Manamon
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Dumha Fhearaíl, Co. Mhaigh Eo