Scoil: Droimslaod (uimhir rolla 9898)
- Suíomh:
- Droim Slaoid, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Maire, Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Droimslaod
- XML Leathanach 248
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní thiocfadh leat iad a dhéanamh amach nó a aithneadh. Bíonn fear beag cleveráilte leobta agus culaith mna, mna tighe air agus uchtán féir ceangailte thiar ar a dhruim le cruit a chur air agus shawlin beag dubh suarach air taobh amuigh de sin. Leigeann sé ar féin go mbíonn sé bacac. Shilfea nach mbeadh sé beo uair a chluig. Cuireann siad an buachaillín seo ag damsu leis an fear óg. Mar dtugadh an fear óg aire maith do féin leagfadh an buachaillín seo é. Ní leagfa sé é tá sé ráidhte nach gheobhfaidh an fear óg saoghal fada.Bíonn fáilte mór rómpa ag cuid de na daoine agus daoine eile ní leigfidh siad isteach chor ar bith iad. An teach nach leigfidh isteach iad dóigheann siad a cuid hata gar don teach le mí-ádh a chur ortha. Bíonn sean duine mór leobta a chuireann siad ag damsú leis an bhean óg.Nuair atá siad ag dul a pósadh ma castar bean ruadh leobta ar an bothar níl sé go maith. Má tá sí cosnoctuighthe tá sé seacht nuaire níos measa.
- Bailitheoir
- Mell Níc Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Ceamharcaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Talach, Co. Mhaigh Eo