School: Gleann Caisil (roll number 13222)
- Location:
- Gleann Chaisil, Co. Mayo
- Teacher: Eoghan Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gleann Caisil
- XML Page 352
- XML “Eolas faoi na Francaigh a Tháinig isteach i gCuan Chill Allaidh um 1798”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Franncaig a teacht mar beidh fhios ag gabha nách mbeidh ag aoinne eile. Chuir sé moille mór ortha.
Nuair a bhí na Franncaig gar go thalú sé an dath a chroch siad in a gcuid fleagannaí ná dath a tSasannaigh. Bhí ministéar in a chómhnuidhe gar go'n áit ar landáil siad, agus bhí ceathrar mac ag a ministéar. Bhí oiread ollghárdas ortha faoí chóir an tSasannaigh nár stop siad ariamh an ceathrar aca gur chuaidh siad amach agus ar bórd long Franncach. Agus nuair a chuaidh siad ar bord tháinic fear go na Franncaig agus labhair sé Béarla leobhtha. Ba gheárr annsin go dtáinic tuile go na Franncaigh agus thoisig siad a labhairt Frainncis le chéile, agus b'shin an uair a thuig na ministéirí óga go raibh siad san áit contráilte. Agus thuit gach fear go'n ceathrar aca i laige mur shíl siad go marbhóchadh na Franncaig iad. Chuir siad amach as a tsoitheach 'un a chladaigh iad, agus ní dheárna siad tada leóbhtha ach a ráit leóbh bailliú leóbhtha as an áit. Bhaillig 'chuile ceann dá shórt leobhtha lá'r na bhárach.
________Bhí an triúr fear déag istig leis a ngabha(continues on next page)- Informant
- Pádraic Ó Ciaráin
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Dumha Locha, Co. Mayo