Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sraith an t-Seagail
Sé an t-ainm athá ar mo bhaile dhuthchais na Sraith-an-tSeagail.
Tá sé míle bealaigh ó Phorturlainn. Tugtar an t-ainm sin air mar fadó bhíodh alán seagail ag fá ann cois na h-abhann. Baile beag deas é mo bhaile-se. Tá ceithre tighthe déag ann agus cuid ceann slinne agus cuid aca ceann-tuighe. Ní rabh an oiread tighthe ann fadó agus atá anois. Níl mórán fotarach sean-teach ann. Tá siad uilig imthighthe ach amháin fotharach amháin. Teach sgoile a bhí ann. Sin é an sgoil go raibh Duke Ormsby ag múineadh ainntí. Níl mórán sean-daoine i mo baile-se atá ós cionn 70 bliladhan. Níl ach duine amháin. Sé an t-ainm atá air na Michéal Cadbhánach. Tig leis béarla agus Gaedhilge a labhairt. Sé an t-ainm is fairrsinge i mo bhaile-se na Máilleach. Níl ach cúpla duine imthighthe go Meiriocá as an áit seo. Nior luadhadh mo bhaile-se in aon amhrán dá bhfuil ar eolas againn. Tá sléibhte móra thart annseo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sraith an tSeagail, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Máille
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann