Scoil: Glenamoy (uimhir rolla 13882)
- Suíomh:
- Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Beoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Glenamoy
- XML Leathanach 319
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fádo a dtugidís Brian Ruadh air. Bhí sé ina chomhnuidhe in áit darbh ainm Cuan an Inbhir. Bhíodh longaí ah teacht ann chun fasgadh a fhághail. Bhí Brian ag ceannacht beithidhigh lá agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonnaic sé go leor daoine ag faireach air. Bhí siad chun a gcuid talamh a bhaint dhe. Dubhairt siad le bean Bhríain dhá bhfuighidh siad beirt fhear nach mbainfadh síad an talamh dhé. Dubhairt bean bhrian go sheasfadh sí féin in áit ceann aca dá bhfaghadh sí fear eile. Nior fhead sí fear eile a fhághail ach Brían. Chuimhnigh Bríán agus thug sé an t-airgead dhóibh. Bhí se mall san oidhche an uair sin. Shuidh Brian síos agus chuir sé sean-chota faoi na cheann. Nuair a dhuisuigh se ar maidin fuair se leabhar in aice leis. Ní raibh aon oideach an uair sin. Ach thóig an leabhar ag léigh sé a raibh ann. Bhí fhios aige go dtiocfadh long isteach ag Cuan an Inbhir le óir. Cheannuigh se go leor beithidhigh annsin. Dubhairt sé le na mhac dul amach an chéad oidhche go bhfeicfead sé a raibh an long ag teacht ach ní raibh no an dara(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Deagánaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann na Muaidhe, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Antoine Ó hEiligh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Ghoile Thuaidh, Co. Mhaigh Eo