Scoil: Dubhloch
- Suíomh:
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Shioradáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhloch
- XML Leathanach 403
- XML “An Drochshaol”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chómh faid is bhéus Gaedheal beo ar ghob lom chairraigreach Dhubhlocha ní deanfar dearmud ar an droch saoghail. Agus ní h-ionghnadh é. Is iomdha sin cruadhtan a d'fhulaing na créatuir bhochta, agus gan aca acht ó'n láímh go dtí an béal i rith an ama, iad a fághail bháis na sgórtha as éádan a chéile le ocras, le fucht, agus le fiabhruis; agus leis an sgéal a dhéanamh naoi n-uaire ní ba mheasa, bitheamhnach de thighearna talmhan ag iarraidh cíosa ortha, agus nuair nach mbídís ábalta é a íóc leis thoigfeadh sé an bhó as dhuine, an t-aon ceann amháin a bhiodh aige go mion minic agus tiubhfradh sé leis é. Is minic bhiodh an fear bocht sin a' brath ar an mbuin sin lé'n é fhéín agus a mhuirghín mór lag a chothughadh; acht anois nuair nach mbíoodh an bhó aige, ní bhiodh aige acht é fhéin agus uimhir an tighe a chothughadh, ar lufurnaigh, ar bhrioscarláin, agus ar thoradh an chladaig.Nuair a caillfidhe duine chuirfidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Ó Conmhacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Tuathail
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Dumha Locha, Co. Mhaigh Eo