Scoil: Sean-Achaidh (uimhir rolla 12887)
- Suíomh:
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoirí: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sean-Achaidh
- XML Leathanach 171
- XML “An tAonach Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí na h-aonaoighe imBéal an Mhuirthid fadó mar tá siad ann anois.Níl aon áit san ceanntar seo a bainm "Cnoc" an t-Aonaigh". Ní théigheadh na ceannaighteóirí ó thíg go tígh fadó mar téigheann siad anois. Tá dhá oileán san ceanntar seo dar ab ainm InisSgéith agus níl aon chaoi ag na daoine sin bá a thabhairt go dtí an aonach acht imbáid. Tá contabhairt ag baint le sin mar níl fhios agat an nóiméad a léimeann na bá isteach san bhfáirrge (?).Bhí aonaighe ar siubhail i nGeata Mhór fadó nach bhfuil anois. Sé an tam deireannach go raibh an t-aonach ann idir an mbliadhain míle ocht gcéad naoiach agus aon míle agus naoi gcéad. Bí aonach ann sin mar bhí Béal an Mhuirthid fada le muinntir Fal-mór agus Fhóid Dubh, agus na haiteacha sin agus ní raibh aon caoi ag na daoine bá a tabhairt go dtí an aonach acht de siubhail chos.Tá sraid speisialta i mBéal-an-Mhuirthid agus sin ait a bíonn an margadh déanta. Caitheann siad seile nó buaileann siad na lámha nuair atá an margadh déanta agus tugann siad cupla no cúig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brígid Nic Aindriú
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Aontoine Ó Muireadhaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Seanachaidh, Co. Mhaigh Eo