Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)
- Suíomh:
- Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Nóra Ní Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Calraighe
- XML Leathanach 101
- XML “Cur an tSíl”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an gcéachta cluduigheann an chré na sciolláin. Cuirtear a thuille criadh leo tar éis tamaill. Aitchré a tugtar ar an obair sin.Cuirtear na turnapaí, na maingléisí na méacain agus na cáiréidí i ndriollaí leis acht síolta beag a bhíonn aca le cur sa chré in inead sciollán.Cuirtear síol an chabháiste i láithreán ar dtúis agus nuair bhíonn na planndaí beaga láidir go leor at - chuirtear iad i ndriollaí. Bíonn alán oibre le déanamh ar an bhfeirm le linn an Earraigh ach ní bheadh aon bhiadh le n-ithe againn gan í.Cúram na bprátaí: Nuair a bhíonn na prataí ag fás, cuireann na daoine cré arís ortha. Nuair a bhíonn na gas ag fás cuirtear sprayáil ortha i gcoinnibh an duib. Seo é an chaoi a chuirtear an sprayáil ortha. Ar dtúis tógainn an barraille isteach san pháirc agus líontar cúpla buachaillí é le uisge. Annsin cuireann fear an tighe an "(chloich gorm)" ins an barraille i gcóir oidhche amháin. Ar maidin lá ar na bhárach gheobhann sé an "(washing soda)" agus cuireann se ins an barraille é.Annsin gheobhainn sé an inneall sprayáil agus chuireann sé an t-uisge isteach ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)