Scoil: Gleann Calraighe (uimhir rolla 15864)

Suíomh:
Gleann Chalraí Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Nóra Ní Riagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 12

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0139, Leathanach 12

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Calraighe
  2. XML Leathanach 12
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgeal : Bhi bean ann uair amhain agus bhi fear aici dar b'ainm Brian. Fuair se bas. Chuaidh a bhean leis an tsocruigead go dti an cros-bhothair. Bhi tigh leanna annsin agus agus ba le fear dar b'ainm "Jack" an tigh leanna. Chuaidh an tsocruighead ar aghaidh acht sheas an bhean, d'fheach si ina dhiaidh an tsocruigheadh agus dubhairt si "Beannacht leat a Bhriain go tigh De, is rachaidh mise go tigh "Jack".
    Sgeal : Dia Domhnaigh amhain bhi sagart ag tabhairt seanamoir uaidh ar la an bhreitheamhnais. Dubhairt se go mbeadh na daoine uilig go leir cruinnighthe in aon ait amhain. Nuair a bhi se ag dul abhaile, thainig se suas le sean-mnaoi. "Dia is Muire dhuit" arsan sagart. "Measann tu a Athair ceard a bhi me ag smaoineadh" " Is deacar a radh arsan sagart. "Bhi me ag smaoineadh ar an obair mor a bheas againn la an Bhreitheamnais. Feach annseo a Athair an mbeidh Lord George annsin" Beid ars'an Sagaire agus measann tu a Athair (an mbeid tu a Athair) an mbeid De Valera ann". Beidh arsa an sagart.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge