Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Suíomh:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Acht má téigheann ort an imirt déin liom ionad
Is raghadh id feachaint lá'l Muire go Buidhe Cnoc na Stógh.4.
Ó s mhéinn liomsa feasta ar do gaolta labhairt
A tréinfir gan gangaidh a shíolruig an phór
Gréogog is Craithigh is na Paoraig a bfearra
Lucht éigse do labhairt lucht saoghad agus treoir
Níl aon díobh na mbeathadh a réidhfeadh ár ngeasa
Glaoidhte as diaidh t-ainm sa tír ud iddheoidh
Ó sheanais do charaid dul fé Béal Lic' Inglasa
Mar chuaidh Phoebus fé scamall sa buidhe Cnoc fé Bhrón.5.
Ós éigin liomsa feasta
Géilleadh dod teastas
A tréan fuil a gcanais
Imbuidhe Chnoc fé Bhrón
At-aon mhc id ghlachad
Fé luadar ins na Flaithis
Ag tabhairt saor-bhreach ar t-anam
Is id saoradh ó gach brón
Beannacht Maighdean na bgFlathas
Ar cuadas fé na brata
Iobhra na scaibeall na gcros is 'na gcaróin
Beannacht na naomh is na n-aingeal
Is gach n-aon díobh dár taighighis
Is mo bheannacht féin leat gan ghangaid
Go ríochtact geal na gcómhacht- Bailitheoir
- Tomás Ó Faoláin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Phort Láirge
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann