Scoil: Baile Mhic Airt, An Rinn
- Suíomh:
- Baile Mhac Airt, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Tomás Ó Faoláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an pian comh mór san gur cuireadh fios ar an ndochtúir. Cuir an dochtúr go dtí an ospuidéal é. Bhí sé san ospuidéal ar feadh sé seachtaine nó mar sin. I ndeire na dála do caitheadh an láimh do bhaint de ó'n crog síos._____________________Tá lios ar thalamh m'athair agus tá dóg uisce timcheall air. Ní threabhann siad an lios ar aon chor mar deirtear nuair a threabhann duine lios baineann rud éigin ait dóibh.
Tá lios ar talamh Mícheál ó h-Athaire agus thit duine ina codladh ann aon oíche amháin agus nuair a dhúisigh sé bhí a lán rudaí timpeall air. Bheir sé ar rón agus ina dhiaidh sin níorbh fhéidir le aoinne é a buachaint ag obair le rón.
Má crosfar ar duine lios do threabhadh níl sé rothamhail é dhéanamh mar deirtear go dtuitfeadh rud éigin amach dos na capallaibh nó neachtar acú don duine. Muna gcrosfar ar duine é do- Bailitheoir
- Mícheál Ó Fhloinn
- Inscne
- Fireann