Scoil: Na Frasa (uimhir rolla 16375)
- Suíomh:
- Na Frosa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Robhartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Frasa
- XML Leathanach 202
- XML “Seán Bán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fágtha aige. Bhí droch dhóigh ar an fhear bhocht, nó bhí fhios aige go bhfuigheadh siad uilig bás leis an ocras. Bhí Sean amuigh lá amháin ag obair agus shuidh sé síos agus thóisigh sé ag caoineadh. Ní rabh sé i bhfad ag caoineadh gur labhair duine leis. Nuair d'amhar sé thart chonnaic sé fear beag ruadh nach bhfaca sé a leithéid roimhe sin. "caidé atá ort," arsan fear. "Ó tá" arsa Sean " gheobhaidh mo bhean agus mo chlann bás roimh i bhfad leis an ocras. Dhíol mé an t-aon bhó amháin a bhí agam. "Ná bí a leithéid de bhuaidhreadh ort," arsan fear beag. "gabh abhaile agus chífidh tú do bhó sa bhóitheach. Tabhair aire díthe agus ní bheidh ocras ar dhuine den teaghlach ariamh níos mó nuair atá an bhó sin agat." Chuaidh Sean abhaile agus iongantas air. Cinnte go leor bhí an bhó annsin. Chuaidh Sean isteach go dtí an teach d'iarr sé ar a mhnaoi a ghabhail amach leis an bhó a bhlighe. Chuaidj sí amach agus líon sí dhá bhuacáid leis an bhainne. Roimh i bhfad bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Ó Breisleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Uí Bhrolcháin, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Breisleáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Baile Uí Bhrolcháin, Co. Dhún na nGall