Scoil: Leitir Fhada

Suíomh:
Leitir Fada, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhaoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 361

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1036, Leathanach 361

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Fhada
  2. XML Leathanach 361
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thiocfad sé un toighe, gan pog a thabhairt d’aonduine da dtabhairfead na smaointheachad sé uirthi – sé lá ban ná oidhche a fhad is bheadh sé beo.
    Bhí míle fáilte roime sá bhaile. Ca dtug sé pog d’aonduine. Acht nuair a bhí sé ina shuidhe ar a shuaimhneas a cois na teineadh, goide rinne cú a bhí ar fud an tighe acht leim a thabhairt suas air agus pog a thabhairt do. Rinne sé dearmad ar nigin an fhathaigh agus roime i bhfad bhí sé ag ghabhail a phosad ar cáilin ar an bhaile.
    Bhí feasta mór acu sul a bposfaide iad. Bhí ingean an fhathaigh ag an feasta. Agus a deir sí Badh mhaith liom sceal a innse.
    Cuir sí coileach óir agus cearc airgid ar an tábla. Caith sí gráinín coirce cuca. Pioc an coileach é. Ca dtearn tu sin arsan cearc an lá cuireadh amach thú a cartú an bhoithigh. Nuair a cuaidh mise amach le do dhinnear, bhí dhá oiread istoigh is bhí amuig. Caith sí gráinín eile cuca agus sgiob an coileach ón chirc é. Ca dheanfa sin arsan cearc an lá cuiread amach tú a cur tuighe ar an sgiobol. Nuair a cuaidh mise amach lé do dhinnear, ca rabh marbh agat acht an spideog agus an dreolán.
    Dubhairt sí annsin go rabh an sceal criochnuighte aici.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ríota Nic Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Na Saileasa, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seán 'Ach Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Na Saileasa, Co. Dhún na nGall