Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cathal Buidhe.
Bhíos Cathal Buidhe ag gabháil thart ar na toighthibh uair amháin ag iarraidh loisdín, agus ní rabh meas ag an sagáirt air. Dia Domhnaigh amháin dubhairt an sagart go bhfágfadh sé seacht mhallachtaí ar dhuine ar bith a bhéarfadh loisdín do Chatal Buidhe.
Chualaidh Cathal an sgéal agus ghléas sé mar bhéadh bean ann. Tráthnóna geimhridh amháin chuaidh sé fhad le teach an tsagairt, agus bhuail sé ar an doras. Tháinig an cailín aimsire amach agus d’iarr sé deoch uirthí. Thug sise deoch uisge do, ach ní ghlacfadh sé é d’iarr sé deoch bainne.
Ní thabhairfadh sise deoch bainne do, agus d’iarr sí air imtheacht, ach ní imtheochadh sé. Chuaidh sise fhad leis an sagart, agus d’innis sí an sgéal do. Tháinig seisean amach agus nuair a chonnaic sé an bhean bhocht thug sé loisdín díthe. Chuaidh Cathal i luighe an oidhche sin agus d’éirigh sé go moch maidín lá thar na bhárach.
Ní rabh duine ar bith musgailte agus thug seisean cóta mór, hata, bróga, báta, stocaí, miotógaí agus léine an tsagairt leis. Nuair sé ag imtheacht fuair sé cipín beag doighte sa teine agus sgríobh sé ar an bhalla: “Tá na seacht mallachtaí ort a shaghairt, a chroidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Vera Callaghan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Mc Cavitt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall