Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fionntrá, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 168
- XML “Taimí Eamoinn”
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a dheanamh. Ní rabh sé i bhfad gur thuit sé in a chodladh. Bhí baic aisle shuas ag bun an cnuic agus thoisig siad ag sgréacaigh, agus mhusgail siad Taimí. Agus arsa seisean, “Ó a Dhia ní leigfidh siad neál orm indiu”.
- Bhí fear i n-Albhain T-Seisna am amháin darbh ainm Neidigh Ó Canainn. Lá amháin chuaidh sé siar go Teidhleann ag cuartughadh mna. Fuair sé an bhean, agus nuair a bhí siad ag teacht abhaile arsa Neidigh léithe, “Tá tú liom anois agus béidh aithreathas go leór ort imbárach”. Phill sise nuair a chualaidh sí seo.
Nuair a bhí sí giota maith shíor sgairt Neidigh amach, “A bhean udaidh thiar an gcluinn tú mé, posfar Dia Mairt muid más é sin do thal é”, ach níor éist an bhean leis.
Lá thar na bharach chuaidh sé go Ceilt a Feannad agus fuair sé bean eile. An Domhnac na dhiaidh sin bhí Neidigh ag an Aifreann agus sgairt an sagart amach go rabh Neidigh Ó Canainn agus Brighid Ní Bheirne le posadh. Seas Neidigh suas i lár an teach phobail agus dubhairt sé, “le do thoil a shagairt Kit atá uirthí.- Bailitheoir
- Sighle Ní Ghadhra
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Ní Bhaogaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Abhainn tSeiscinne, Co. Dhún na nGall