Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 118
- XML “Arán sa tSeanaimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iad agus bhí siad réidh le h-ithe annsin. Chuir siad tuilleadh ar an oighean annsin agus rinne siad an rud céadhna leobtha agus mar sin de go raibh moll mór bocstaí déanta aca. Bhí arán eile fosda a ba gnáthach leis na seandaoine a dhéanamh. Arán préataí an t-ainm a bhí air agus silim go bhfuil sé comh maith leis an bocstaí le h-ithe. Ní fhacaidh mise duine ar bith ghá dhéanamh acht chualaidh mé na seandaoine ag cainnt ar an dóigh a ndeanntar é. Na préataí a bhí fágtha indiaidh an dinneara baineadh an chraiceann daobhtha agus annsin brúghadh siad suas iad agus chuireadh siad salann ortha. Cuiread siad plúr ortha annsin agus meascadh siad an plúr na préataí agus an salann le chéile. Gníod siad bunógaí de agus ghearrad é in a giotaí beaga. Gheibhead siad roistín annsin agus chuiread siar ar an teine é agus chuiread siad triúr nó ceathrar de na giotaí beaga ar an roistín agus nuair a bhíodh an taobh íochtar déanta tionnthóchaidh siad iad. Nuair a bhíodh an taobh sin déanta thógad siad iad agus chuiread siad im ortha. Annsin chuiread siad tuilleadh ar an roistín. Bhíodh an t-arán aca fa choinne an tae tráthnóna.
- Bailitheoir
- Seaghan Ó hEigheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall