Scoil: Mucros (uimhir rolla 5364)
- Suíomh:
- Mucros, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ua hEigeartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mucros
- XML Leathanach 257
- XML “Lucht Siúil”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seán Ruairc.
Éile Ruairc.
Maitiú A Ceallaigh.
Charlie Na h-Uibheacha.
Paidí Na Píghne.
Willie The Wisp.
Peadar. na daoiní is mó a thigeas thart. Bíonn earraidh beaga mar pioctúirí, snathaidí, bioráin agus rudaí beaga eile a ndíol ag cuid aca. Ceannuightear cuid dé na h-earraidh seo uatha agus bíonn fáilte mór rompa ins na toighthe. Fanann siad oidhche annseo agus oidhche annsuid. Gníthear leabhthacha beaga amuigh sa scioból dóibh na corr uair nuair nach mbíonn ach duine no beirt ann cuirtear suas leabaidh beag sa chludaigh dóibh. Iomchurann chuid dobhta a gcuid biadh thart leobhtha. Cuid eile acu ní iomchurann siad biadh ar bith leobhtha. Iarrann an mhór-chuid díobhtha déirce. Iarrann cuid díobhtha airgead, cuid eile gráinín min nó gráinin phliúir agus iarrann cuid eile díobh préataí. Is ag siubhal a bhíos an cuid is mó de’n lucht siubhail. Innsigheann siad neart scéaltach agus eachtraí ins na toighthe agus cruinnigheann na comharsanaí isteach ag éisteacht leó.
Tá bacach na comhnuidhe amuigh i dTamhnaigh i bParráiste Chille Chartha a dtugann siad Maitiú A Ceallaigh air. Thug fear as Mucros teach beag dó mar déirce. Téighean Maitiú thart ag cruinnuighadh olann. Bíonn bioráin agus snathaidí a dhíol aige. Bhíonn sean-asal leis corr uair agus iomchuireann sé an mála olna dó ach iomchuireann sé féin amanna eile é. Cruinnigheann sé sean-éadaigh fosda.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ua
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cill Charthaigh, Co. Dhún na nGall