School: Mucros (roll number 5364)

Location:
Mucros, Co. Donegal
Teacher:
Aodh Ua hEigeartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 257

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1043, Page 257

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mucros
  2. XML Page 257
  3. XML “Lucht Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Seán Ruairc.
    Éile Ruairc.
    Maitiú A Ceallaigh.
    Charlie Na h-Uibheacha.
    Paidí Na Píghne.
    Willie The Wisp.
    Peadar. na daoiní is mó a thigeas thart. Bíonn earraidh beaga mar pioctúirí, snathaidí, bioráin agus rudaí beaga eile a ndíol ag cuid aca. Ceannuightear cuid dé na h-earraidh seo uatha agus bíonn fáilte mór rompa ins na toighthe. Fanann siad oidhche annseo agus oidhche annsuid. Gníthear leabhthacha beaga amuigh sa scioból dóibh na corr uair nuair nach mbíonn ach duine no beirt ann cuirtear suas leabaidh beag sa chludaigh dóibh. Iomchurann chuid dobhta a gcuid biadh thart leobhtha. Cuid eile acu ní iomchurann siad biadh ar bith leobhtha. Iarrann an mhór-chuid díobhtha déirce. Iarrann cuid díobhtha airgead, cuid eile gráinín min nó gráinin phliúir agus iarrann cuid eile díobh préataí. Is ag siubhal a bhíos an cuid is mó de’n lucht siubhail. Innsigheann siad neart scéaltach agus eachtraí ins na toighthe agus cruinnigheann na comharsanaí isteach ag éisteacht leó.
    Tá bacach na comhnuidhe amuigh i dTamhnaigh i bParráiste Chille Chartha a dtugann siad Maitiú A Ceallaigh air. Thug fear as Mucros teach beag dó mar déirce. Téighean Maitiú thart ag cruinnuighadh olann. Bíonn bioráin agus snathaidí a dhíol aige. Bhíonn sean-asal leis corr uair agus iomchuireann sé an mála olna dó ach iomchuireann sé féin amanna eile é. Cruinnigheann sé sean-éadaigh fosda.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Language
    Irish
    Informant
    Séamus Ua
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Age
    57
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cill Charthaigh, Co. Donegal