Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 28](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1047%2FCBES_1047_28.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1047, Leathanach 28
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 19. Bhí uncal ag m’áthair darbh ainm Conall Ua Baoghaill. Níl sé acht dha bhliadhan márbh “Go ndeánfaidh Dia grásta air”. Seo rud a tharla do Chonall tráthnóna amhain samhraidh.
Nuair a bhí sé na stocach chuir a athair na cnuic é fa coinne an eallaigh. D’iarr sé air bean dé a chuid deirbhsiúiribh a thabhairt leis acht níor thug.
Bhog sé leis agus chonnaic sé síos uadh iad ag loch Ábha. Tharrang se síos orthú. Siubhal an t-eallach thart go dtainig siad go dtí’n ait ar ceart daobhtha geárradh suas tarrangt ar an bhaile acht ní dheachaidh siad suas. Thug sé iarraidh gabhal rompu agus a bpilleadh acht san ám seo bhí siad ag rachaidh comh mór is nach dtiocfadh leis, cé nar bhréag a rádh nach rabh ag dul isteach ar dhoras Theach an Phobail san ám stocach níos lúthmhaire na é.
Ríth sé thart fa’n loch cupla uair ag sílstin go bhfuigheadh sé sgárta suas iad acht ní rabh gár do ann. B’éigin do sa deireadh iad a fhágailt bhí sé comh sáruighthe sin.
Phill sé na bhaile lé cuideadh a fhághaíl agus cásadh a dheirbhshiúr air a theacht in araieis ag innse do go rabh an t-eallach sa bhaile ó d’imthigh sé agus iad blíghte. D’aithin sé annsin gur na sídheógaí a cuir ciapóg air ag loch Abha.- Bailitheoir
- Mícheal Uí Ceinnide
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Ióseph Uí Ceinnide
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Chríonmhín, Co. Dhún na nGall