Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 133
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí baile talaimh ag Colmcille uair éigin. Bliadhain amháin tháinig an-triomán san earrach agus bhí morán fear aige lá amháin ag cur uisce ar an arbhar..”
(ar lean ón leathanach roimhe)"Seadh", arsa'n duine bocht. Fhad a's bhéas grian ins an aer ní rachaidh fial go h-ifreann.(gan teideal)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad ar an ghann chuid. Bhí an stoc uilig díolta aca go dtí sean chapall amháin.”
Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí lánamhain ann uair amháin agus bhí siad ar an ghann chuid. Bhí an stoc uilig díolta aca go dtí sean chapall amháin. “Ba chóir duit a dul ‘un aonaigh leis an chapall sin”, arsa Máire le Dorbaigh lá amhain.
D’imtigh Dorbaigh ‘un aonaigh leis an chapall agus ní rabh dul aige fághail réidhtigh leis. Sa deireadh chuaidh sé isteach i siopa a cheannacht tae a’s siuchra do Mháire bhocht a bhí sa bhaile. Nuair a tháinig sé amach bhí píosa trí bpighinn ar bharr a mhéir leis agus thuit sé isteach i n-aoileach an bheithidhigh. Thoisigh sé a chuartughadh le na bhata agus fhad ‘s bhí só ag cuartughadh cé thig thart ach bodach mór agus d’fhiafruigh sé do Dhorbaigh caidé bhí sé a dheánamh. Tá, ar seisean, “an uile uair atá airgead a dioghbhail orm, níl agam ach cuartughadh i n-aoileach an bheithidhigh”.
“Ba chóir duit an capall sin a dhíol”, ar seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Nic g Ceannfhaele
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 88
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall