Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 151
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí baicle mhór cruinnighthe i dteach oidhche amháin fad ó shoin agus iad ag cainnt ar thaibhsí agus ar uaigneas. Bhí fear amháin ann a dubhairt nach rabh eagla air-sean roimh thaibhsí..”
Bhí baicle mhór cruinnighthe i dteach oidhche amháin fad ó shoin agus iad ag cainnt ar thaibhsí agus ar uaigneas. Bhí fear amháin ann a dubhair nach rabh eagla air-sean roimh thaibhsí nó nach rabh a dhath uaigneas air. Bhí roilig comhgarach do’n teach agus dubhairt sé go rachadh sé síos agus go dtógfadh sé ceann duine marbh aníos as an uaigh. Dubhairt fear a’ toighe leis, “bhí geall nach ndeánfadh”.
Dubhairt an fear eile, “cé an geall?”
“Punt an geall”, arsa fear a’ toighe.
Thug an fear leis spád agus chuaidh síos go dtí an roilig. Nuair a chonnaic fear a’ toighe go mbéadh an punt bainte ag an fhear, chuir sé braithlín mór geal ar fhéin agus chuaidh sé síos go dtí an roilig fosda. Bhí an fear annsin agus é ag romhar leis agus bhí cloigeann duine marbh tógtha aige nuair a thug sé fa dear an toirt geal bán ag tarraingt air. Thug sé do na bonnaí é comh tiugh a’s tháinig leis ach bhí fear an bhraithlín in a dhiaidh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giolla Chearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall