Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 154
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí baintreahach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sinse aníos in a cailín, dúirt sí lá amháin go n-imteochadh sí.”
Bhí baintreabhach mná ann aon uair amhain agus bhí trí inghean aici. Nuair a d'éirigh an inghean a ba sine aníos in a cailín, dubhairt sí lá amháin go n-imteochadh sí. Rinne an mháthair dhá thuirtín aráin, tuirtín mór agus tuirtín beag, agus nuair a bhí an inghean a ba sine ag imtheacht, dubhairt a mháthair leithe:
[“Ciacú]? is feárr leat, an tuirtín mór agus mo mhallacht nó an tuirtín beag agus mo bheannacht?”
“Is feárr liom an tuirtín mór agus do mhallacht” ar sise.
D’imthigh sí agus an tuirtín mór léithe agus bhí a máthair ag mallachtaigh oirt, gur fhágh sí a h-amharc.
Shiubhal an cailín léithe gur casadh tobar oirthi a rabh fuil ar uachtar air agus mil ar íochtar. Shuid sí síos ag ithe cuid de’n arán. Tháinig an fheannóg carrach thart agus d’fiafruigh díthe an rannadh sí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Giolla Chearra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall