Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 184
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fad ó bhí. Bhí beirt fhear ann aon uair amháin ar b'ainm dóibh Murchadh Beag agus Murchadh Mór. Lá amháin chuir Murchadh Beag fearg ar Mhurchadh Mór...”
(ar lean ón leathanach roimhe)ar bith a leigheasfadh í ach uisce an tobar beag sin thíos. Annsin nuair a d’imthigh siad cuaidh Murchadh Beag síos ar a lámha a’s ar a chosa fhad leis an tobar, chuir sé a lámh sa tobar agus chumil sé an t-uisce ar a shúile agus fuair sé radharc na súl arais. Annsin, chuartuigh sé buiudeál go dtabhairfeadh sé cuid de’n uisce fhad le inghean an Riogh. Sháruigh sé air buideál a fhághail ach thug sé leis lán dhá shean bhróig, agus chuaidh fhad le cúirt an Riogh. D’fhiafruigh sé cia rabh an cailín a bhí breoidhte? Taisbeanadh do í agus annsin thug Murchadh Beag lán na bróige d’uisce díthe le h-ól.
Thug sé an t-uisce díthe le h-ól trí mhaidin indiaidh a cheile agus ar an triomhadh maidin bhí sí in a sláinte arais. Annsin thug an Rí mala óir do Murchadh Beag agus d’imtigh sé leis ag tarraingt ar an bhaile.
Nuair a bhain sé an bhaile amach d’fhiafruigh Murchadh Mór dó cia bhfuair sé an mála óir? Dubhairt sé gurrab(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Seoladh
- Cill Fhathnaid, Co. Dhún na nGall