Scoil: Leac Chonaill (uimhir rolla 14890)
- Suíomh:
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Grianna
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leac Chonaill
- XML Leathanach 375
- XML “Seanamhrán Gaeilge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanamhrán Gaeilge (ar lean)
“Ag éirigh damh féin ar maidin”
(ar lean ón leathanach roimhe)VII
Thainic an t-iolar
Anuas o’n chaorann mhór
Sgiob sé leis
An cheathramhadh bhí i gcléibhín Eoghain
Níl a’n oganach tapaidh
A bheirfeadh arais an fheoil
Nach dtabhairfhinn a leath do
Agus giota den mhéadal mhór.
VIII
Ní bhfuair Brian Ó’Canainn
Ach sganann a’ bhuilg sa tóin
Nuair a chualaidh a bhean é
Ó. Dhamnaigh sí Brian go dómhain
Ma rinn tú glacaire
Thapaidh ariamh no go fóill
Bíodh cnámh an droma leat
I ngan fhíos aniar ón tóin.
IX
Bí Donnochadh Mhichil
Na codladh na shuan san am
Mhothuigh sé’n racann
Bhí acu ‘s an fheoil do rann
Bheir sé ar a sgian fhada
A bhata agus a chraoibhín crann
Mar bhfáigh mise ceathramhadh
Béidh fear innteacht breoidte tinn.[Tógadh an sean amhran seo - sgéal “Capaill Croibhe” as coipleabhar Sheamuis Mhic Grianra, gasur ins an 7adh Rang. Fuair Séamuis é ó na Athair Móir Torlach Mac Aoidh, Leac Chonaill, Ardarata. Ta Torlach fa thuairim 83 bliadhna de aois. Chaith sé a shaoghal uilig i Leac Chonaill.]- Bailitheoir
- Séamus Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Tarlach Mac Aoidh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leac Chonaill, Co. Dhún na nGall