Scoil: An Tulach Mór (uimhir rolla 6293)
- Suíomh:
- Tully More, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach Mór
- XML Leathanach 75
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí sin ann agus is fada o bhí. Bhí Dídín agus Deodín agus Bodach Beag a Dá Cóta ann.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Deanfaidhmid ar dtriúir é arsa bodach a dá cóta
Fuair sé greim ar an bhunóig len a bheal
Anois bhí siad ag bruach na h-Abhna
Gabhaighidh suas ar mo dhruim arsa an madad ruaidh agus beirfidh mé anonn thar an abainn sibh
Gabh suas arsa dídín
Gabh fhéin arsa deodín
Seo gabhmuid ár dtriúir arsa bodach a dá cóta
Chuaidh siad suas ar dhruim an mhadaidh ruaidh. Nuair a bhí siad amuigh i lár na h-abhna chraith an madadh ruaidh é féin agus thuit siad isteach san abhainn agus badhadh iad agus thainig mé fhein abhaile agus d’ith an madadh ruadh an bhunóg.- Bailitheoir
- Máire Bean Uí Bhreisleáin
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghuibhir
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 25
- Seoladh
- An Leargain Bhreac, Co. Dhún na nGall