Scoil: Druim na Croise (uimhir rolla 10672)
- Suíomh:
- Droim na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Alasdar Mac Daidhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cruinniughadh phighinn agus giotaí eadaí(?) agus rudaí mar sin. Siad na rudaí a bhíos le díol aca go minic cíoraí, peanna agus rudaí beaga mar sin. Bhí éadach agus rudaí beaga mar sin aca go minic fósta. Bíonn blátha a gníthear as paipear le díol ag na daoine ba boichte aca. Bíonn cuid aca níos cruaidhe a fhaghail amach na an cuid eile. Bíonn cineal de chabáin aca go minic.
- Bíonn morán caitheamh aimsire ag na daoine óga. Bíonn siad ag deánamh siopaí agus toighthe agus ag deánamh babógaigh agus morán rudaí eile. Sáitheann siad claraí isteach i gclaidhe agus bíonn giotaí beaga de chupaí agus plataí aca agus iad d'a ndíol. Bíonn greamhar mónadh no rud éighinteacht(leanann ar an chéad leathanach eile)