Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)
- Suíomh:
- An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Coilín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)25. Is feárr cara sa chúirt ná bonn (punnta) sa sparán.
26. Tá mé mo chodladh agus má tá gan néal.
27. Ní bhfuair an madadh ruadh teachtaire ariamh ní bfeárr ná é fhéin.
28. Is maithe leis féin a gnídheas an cat crónann.
29. Má tá sé na chodladh go n-éirighidh sé slán.
Má bhfuil sé na chodladh ní éireochaidh sé go bráthach.
30. An té nach gcuireann san Earrach ní bhainfidh sé san Fóghmhar.
31. Ma's fada an lá tig an oidhche sa deireadh.
32. An té is mó cainnte 'sé is lúgha oibre.
33. 'Sé an t-uisge ciúin is doimhe ritheas.
34. Is feárr bheith i n-uaighneas má i ndroch chuideachta.
35. An té bhuailfeadh mó mhadadh bhuailfeadh sé mé fhéin.
36. An cogadh ba mhó ariamh tháinig duine slán as.
37. Is feárr rith maith ná droch sheasamh.
38. Cam díreach an ród sé an bealach mór an aithghiorra.
39. Bíonn faer (faobhar??) i n-Ifreann.
40. Ní thigeann an fuacht go dtriomuigh sé.
41. Ní chruithnighthear an tobar go dtriomuigh sé.
42. Greim i n-am is feárr é na naoi gcinn arais.
43. Is feárr an t-sláinte ná an saidhbhreas.
44. Is feárr dúinn ar gcuid a rann,
Agus an chuid eile a ól,
Ná an t-iomlán bheith i gcontabhairt
Sul a dtéid muid faoi fhód.
45. Ma's siúd culaith éadaigh ní dheirfinn gur leat fhéin í,
Ní rabh sí ar do chraiceann go rabh fear a t-siopa ag éileamh.
46. Bróga gan sála ar Phaidín Ó Ropartaigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)