Scoil: Mullanmore (uimhir rolla 1734)

Suíomh:
An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Coilín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 262

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullanmore
  2. XML Leathanach 262
  3. XML “An tAm a Chuaigh mé go Tír Eoghain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé an lín thart fa dtaobh dé fhéin. Bhí sé a brath fanacht san chléibh go bhfeiceadh sé solas an lae fa dheireadh tháinig fear agus bean isteach agus cuma ortha go rabh an deifre ortha. "Tóg an cliabh seo orm go gasta arsan fear leis an bhean" no is goirid go mbeidh an lá ann. 'Sé an rud a bhí go rabh an fear agus an bhean ag goid an lín. Thug sise iarraidh an cliabh a thogailt acht ní rabh sé abalta gaoth an talaimh a chur faoi. "Tá rud eiginnteacht aistidheacht san chliabh, caithidh sé gur a b'é an diabhal atá ann." Seo, seo, stad do chuid amaidigh agus chaith orm an cliabh go gasta. Thóg sé an cliabh air le streachaikt mhór agus d'imthigh leo tríd na pairceannaí go dtainig siad fhad le abhainn mhór a bhí ann. Arsa seisean leis an bhean "sinan cliabh lín is truime a d'iomair mé ariamh." Thug sé iarraidh dul teasna na h-abhna agus nuair a bhí sé ag chur a chos air chloich mhór a bhí amuigh san uisge, d'imthigh an t-iichtar as an chliabh agus thuit an gasúr amach ins an abhainn. "Nar dubhairt mé leat" arsan bhean "go rabh an diabhal san chliabh nuair a chonnaic sé an gasúr a rachaidh síos an pháirc. D'imthigh an gasúr leis agus nuair a bhí an lá ag glanadh bhí sé ag tarraingt comhgarach do Bhaile-na-Finn bhog sé leis na bhaile arais agus ní dheachaidh sé go Tír Eoghain ón lá sin go dtí an lá indiu.
    (Bríghid Ní Bhaoighil, Mullán Mór, Na Gleanntaí)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Bhaoighil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    54
    Seoladh
    An Mullán Mór, Co. Dhún na nGall