Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 036
- XML “Aráin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Árain Préatai.
Bhruithfidhe gráinín preatai ghlainfidhe iad, bhruithfidhe iad, chuirfidhe gráinin salainn ortha. Suaithfidhe suas fríd a chéile iad. Chaithfidhe amach ar chlár ar an tabla iad, go ndeanfaidhe suas í bhfuirm cruínnoige é. Cuirfidhe ins an oighin é annsin, agus nuair a bheadh sé bruitheadh ní iarrfa pleísuir níos fearr, na a bheith a iththe, go speisialta nuair a bheadh rud beag ime air.
Bócstai.
Graínin preatai fuara a scríobhadh le scríoban, iad a ghlanadh isteach í mias agus a gcur isteach í ngiota eadaigh a bhfaisgeadh go maith leis an uisge a bhaint amach. Gráinin préatai bruithte a chur isteach in a gcuideachta. É a suathadh annsin, a ghearradh in a ceathramhnacha, agus a bhruith ins an oighin.