Scoil: Mínbeannaid (uimhir rolla 16668)
- Suíomh:
- Mín Beannaid, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séumas Ó Dómhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mínbeannaid
- XML Leathanach 150
- XML “Na Rosa”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainm an cheanntair a luigheas idir Gaoth Dobhair agus Leitir Mic an Bhaird.Fad ó níor airmhigheadh Leitir Mic an Báird ins na Rosa ach le cupla bliain ta'n ceanntair se faoi chúram sagart paroiste na Rosann, no go beacht faoi riaghlú sagart paroiste Teampoll Cróine Uachtarach.Sí Naomh Croíne, patrún na parroiste de réir Annalacha Ríogacta na h-Éireann de shliocht Conaill Gulbain í agus bhí sí muinntearach do Colm Cille agus do Adhamhnan, Naomh an cead Easpoch Tirconaill. Ní fios do'n aon duine caide thug uirthi árus a h-áthara a threighbeal agus an coigcrioch a tharraing uirthi feín.Dálta go leór naomh eile. Thiocfadh a lán scéaltaí a chumadh fa dtaoibh díte ach is leór dón tsaoghal mhór fios a bheith acha gur thuill sí onoir mor agus go rabh a cliú i n-áirde i dTírconaill agus gur bhaist sí a h-ainm ar an dúithce corrach achrannach seo.Tá alt eile ár chóir damh tracht air. Agus mé mo dhúilach óg. Chuirim spéis mhór ins an sean rudai agus an sean oideas seo(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)