Scoil: Mínbeannaid (uimhir rolla 16668)
- Suíomh:
- Mín Beannaid, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séumas Ó Dómhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mínbeannaid
- XML Leathanach 188
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí sin ann ma's fad ó bhí. Bhí dream daoine i nÉirinn a dtugadh siad na Fianna ortha. Bhí Fionn Mac CUmhaill 'na cheannphort orra.”
Bhí sin ann ma's fad ó bhí. Bhí dream daoine i nÉirinn a dtugadh siad na Fianna ortha. Bhí Fionn Mac Cumhaill 'na cheannphort orra. Ba ghnáthach leo dul amach ceithre mhí de'n bhliadhain a s'eilg. Aon bhliadhain amháin thainig siad anuas go dtí'n taobh o thuaidh de Thír Chonaill go dtí'n áit a dtugadh siad Cnoc na Muicis air. Bhí siad gearr-thuirseach agus chruinnigh siad le coim na h-oidhche. Bhuail siad suas teine bhrosna. Ins an t-feilg casadh muc ortha agus mharbh siad an mhuc. Shín siad leath na muice ar an teine dha rósadh gur shásuigh siad iad fhéin. Nuair a rinne siad a suipear d'éirigh Goll Mac Morna agus d'fhiafruigh Diarmuid Donn de Goll ca rabh sé ag dul. D'fhreagar seisean go rabh se ag dul amach le leabaidh luachra a chruinniughadh do Fhionn. Thug an cheannphort buidheachas mór dó. Thainig ceó le coinfheascan an lae. Le glanadh an lae, bhog Fionn é fhéin suas. Ní rabh aon bhall de'n Fhéinn le fághail aige ach ceól bhinn an chú a bhí aige no sgab an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Cáit Antoin Mhic a' Bháird
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gleann na hEilte, Co. Dhún na nGall