Scoil: Tráigh Éanna (uimhir rolla 16030)

Suíomh:
Bá Thráigh Éanach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 99

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1059, Leathanach 99

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tráigh Éanna
  2. XML Leathanach 99
  3. XML “An Dá Ghadaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An dá Ghadhuidhthe.
    Bhí fear agus gasúr ann aon uair amháin agus bhí siad iongantach bocht. Lá amháin dubhairt an fhear leis an ghasúr go gcaithfeadh sé obair éigin a fhágáil dó. D’imthigh an bhéirt leobhthá an fear ag iarraid obair a fhágháil d’on ghasúr. Igcionn tamaill casad dhá ghadhuidhthe ortha agus d’iafruigh siad do’n fhear “ca rabh sé ag gábháil leis an ghasúr”. Dubhairt seisean leóbhta go rabh sé ag cuartugadh oibre d’on ghasúr. Dubhairt siadsan annsin go dtabharfadh siadsan obair do a bhéit ina ghadhuidhthe. Dubhairt an fhear go rabh sin mháit go leór agus thionntaig sé ina bhaile.
    Bhí na gadhuidhthe ar a mbealach go dtí caisleán mór agus thug siad an gasúr leobhthá. Dubhairt siad leis go leigfeadh siad síos fríd an dín é le rópa agus nuair a bhéad seisean thíos é mála an óir a chuir aníos acu san agus go dtarraingeochadh siadsan é fhéin suas annsin.
    Ní choinig siadsan le na bfochal. Nuair a fuair siad san an t-airgead d’imthigh siad an méid a bhí ina gcorp agus fághadh eisean thíos.
    Mhothuigh fear an toighe an tormán agus d’éirig sé. Mo dheirmuid cuplá lá roimhe seo mharbh fear an tóighe márt agus bhí an cnaicheann na luighe ilár an tóighe. Chuir an gasúr an cnaicheann thart ar fhéin san dóigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0950: Rhampsinitus
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Aodh Ó Canann
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Dubhthaigh
    Inscne
    Baineann