Scoil: Ailt an Chorráin
- Suíomh:
- Ailt an Chorráin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teiceadh go dtí a gcuid currach ach ca dtáinig aon mhac mathar slán as an comhrac ach bhí fear amháin ann darbh ainm Tomas. Nuair a tháinig sé go cruaidh air chuir sé a dhruim le charraig mhoir agus thug a aghaidh ar an námhaid: Bhí ag éirigh go geall leis, nó fear mór urradhanta a bhí ann. Rinne sé gillire de achan duine a tháinig fá fhad urchair dó. An áit ba [tuigh]? ba tanaidhe. Ach san deireadh nuair a bhí sé gnaiteach leis an dream os a choinne, sleamhnuigh fear thart i gcúl na carraige agus suas ar a carr leis agus cnapan mór cloiche i da iomchar aige idir a dá láimh. Chaith sé an chloch síos an ar mhullach a chinn ar Thomas, an méid a bhí in a cheithre chnámha, Thuit Tomas in áit a chonn agus bhí deireadh leis an chath. Agus ón lá(leanann ar an chéad leathanach eile)