Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 023
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí sean lanamhain 'na gcomhnuidhe ar an Tearmonn fadó shoin, a raibh mac amháin aca. Nuair abhí an t-athair ar leabaidh an bháis d'iarr sé ar a mhnaoi a chuid a thabhairt go maith do'n gasur sa chruth as go mbéadh sé ábalta crann a tharraingt as an rúta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)annsin agus tiocfaidh siad air."
Lá thar na bhárach cuireadh an gasur síos na muileann leis an choirce. Nuair a shroich sé an muilleann chuaidh sé isteach agus thoisigh ag obair. Ní raibh sé 'bhfad ag obair uilig go dtainig fear mór geal isteach. D'amharc sé ar an ghasur agus annsin chuir sé ceist air goidé bhí sé a iarraidh. D'innis an gasur do agus d'imthigh an taidhbhse leis arís. Nuair a phill an gasur na bhaile leis an mhin cuireadh ceist air goidé mar d'éirigh leis agus d'innis seisean daobhtha goidé mar tharlaidh. Shíl siad anois gur duine iontach abhí sa ghasur nuair nar bhain an taidhbhse do agus ní raibh fhios aca goidé mar gheobhadh siad réidhtigh do.
Cupla lá na dhiaidh sin chuir siad amach na chnuic é a treabhadh. Anois bhí péist mhór thíos faoin talamh ar an chnoc seo agus ca dteachaidh an duine a threabhadh ann ariamh nar ith sé. D'imthigh an gasur leis agus thoisigh sé a threabhadh. Igcionn tamaill chuir péist mhór aníos a ceann as faoin talamh agus shlug sí ceann de na beathaigh. Tamall na dhiaidh sin chuir sí aníos a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Antoine 'Ac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall