Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 091
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí seanbhean ann uair amháin 7 bhí gárradh mór cnódhanna aici bheadh cuid gasuraí an bhaile ag goid na gcnódhanna uirthí 7 ní bhéadh sí leath shásta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)iontach fallsa agus dubhairt sé go raibh sé ró thuirseach le siubhal 'na roilige. Dubhairt an sagart óg go dtabharfadh seisean síos ar a dhruim é. "Maith go leór" arsa'n sagart mór agus d'imthigh siad leó ag tarraingt ar an roilig.
Nuair a thainig siad fhad leis an roilig bhí duine de na gasuraí ar shiubhal fa choinne caora. Bhí teinidh aca istuigh sa roilig agus bhí siad fa choinne an chaora a rósadh i gcuideachta na gcnódhanna agus féasta breagh abheith aca. Mhothuigh an gasur a dhfan sa roilig an dá sharart ag teacht agus shíl sé gurb é an gasur eile abhí ann agus sgairt sé amach, "An bhfuil an caora mór leat"? D'imthigh an dá shagart an méid ahí ina gcorp , agus bhí an sagart mór sa bhaile roimh an sagart óg, sean agus eile as mar bhí sé.- Faisnéiseoir
- Séamas Mac Giolla Bhríghde
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Baile an Droichid, Co. Dhún na nGall