Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)
- Suíomh:
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Fhionnaile
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 166](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1068%2FCBES_1068_166.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 166
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar mhéid abhí sgannradh ar an mhinistéir thuit a dhá laimh fa na chrios. Nuair a tháinig an buachaill 'un toighe trathnóna d'innis an ministéar an sgéal dó. "Ná bí buadhartha", ars' an buachaill, "nó fear uasal atá ionnat-sa agus fear bocht mise. Bheirfidh tú do chulaith damh agus díolachán maith, agus má mhairbhfhear féin mé ní dhéanfaidh sé deifir." Bheirfidh mé dhá scór go leith punnta duit má thig tú beó" ars' an ministéar.
Chuaidh an buachaill maidin lá thar na bharach fhad leis an rí. " 'Bhfuil na freagraí sin leat mar d'orduigh mé duit?"
"Tá siad liom chomh maith a's thig liom."
"Caidé fá'n dá phinginn atá ag gabhail ar biseach?" "Mac atá ar scoil aige agus tá sé ag díol dha phinginn sa lá air."
"An dá phinginn atá ag gabhail sa' dul amudha?"
"Sin leas-mhac atá ar scoil aige, agus an dá phinginn atá sé a' dhíol ar a shon, measann sé go bhfuil siad ag dul amudha. Dhá phinginn do shean-fhiacha - sé sin dhá phinginn atá se ag tabhairt do na shean-mháthair."
"Tchím", ars' an righ "Tá na ceisteanna fuasgailte agat, acht tá mé ag gabhail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dubhgáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall