Scoil: Gort an Choirce
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easboic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)VIII. Ní raibh mé i bhfad i dtig an óil,
Gur mheas mé gur chóir damh suidhe,
'Sé dubhairt sí bí tusa ag gabhail 'ceoil,
A's ní dhíolfaidh do phóca a'n phíghinn.
IX. Nuair a chuaidh mé amach as tig an óil,
'Sé d'fiafruigh an óigbhean díom,
A dhuine ca mbíonn tú do chomhnuidhe,
nach gcoinnigheann tú cró beag tighe.X. Bím-se seal i dtigh an óil,
Ní dheanain-sa lón de'n phínghinn
Acht an méid a shaothruighim 'sa lá,
Caithim le spórt 'san oidhche.XI. A Óganaigh ma's sin do dhóigh,
Ní molfainn duit labhairt le mnaoí,
Is fearr dúinn fanacht ar-aon,
Go ndeánamid lón dé'n phínghinn.XII. Fhad's bhéimid a deanamh lón dé'n phinghinn
Tiocfaidh cuid mhór da'r saoghal
Is fearr dúinn toiseacht go hóg
'S béidh cuidiú d'ár gcomhair a choidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighread Bean Uí Dhuibhir
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall