Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 085
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Ins an am a rabh na daoine beaga gnoitheach in Éirinn, bhí fear ina chomhnaidhe i n-Albain agus Míchéal a b'ainm dó.”
Ins an am a rabh na daoine beaga gnoitheach in Éirinn, bhí fear ina chomhnaidhe i n-Albain agus Michéal a b'ainm dó.Bhí a bhean agus a chuid páisdí le tógailt aige. Bhíodh Michéal ag obair ar an talamh, agus bhíodh Mollaíiomchar uibheacha agus im chun aonaigh. Bhí siad ingantach bocht, agus bliadhain amhain chá rabh airgead ar bith aca leis an chíos a dhíol. "Goidé a dhéanfaidh mid" arsa Michéal, le na bhean." Goidé dhéanfá arsa sise acht an bhó sin acht tabhairt leat chun aonaigh agus í a dhíol.Dia luain lá an aonaigh agus caithfidh tú imtheacht i mbárach in ainm an Ríogh. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtáinig an dó dhéag a chlog lá-thar-na-bharach. D'imthigh Michéal leis 'un(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Oireachtaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Billí Óg Ó Dubchon
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall