Scoil: Mágh Rua (Murroe)

Suíomh:
Maigh Rua, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
P. S. Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 29

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1075, Leathanach 29

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh Rua (Murroe)
  2. XML Leathanach 29
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Bhí sean fear agus sean bean ann uair amháin agus ní rabh aca ach an inghean amháin. Lá amháin nuair a bhí an tathair ar an aonach ní rabh aon duine fa'n teach ach an máthair agus an inghean bheag. Nuair a thainig a h-aon a chlog dubhairt an inghean go rabh sí ag dul amach na cnuic leis na ba. Nuair a cuaidh sí d'fhan sí ar an cnuic go rabh sé mall tráthnóna. Annsin tainig ceo agus ní rabh fhios aici chá rabh sí ag dul. Sa deire chuaid sí ar seachrán fríd na cnuic. Bhí an mádhadh leithe agus thainig an madadh 'na bhaile. Nuair a thainig an tathair na bhaile cuaidh sé féin agus na comharsan amach ag cuartuighadh an inghean. Thoisigh an madadh ag tafaint lean na comharsa an madadh agus fuair siad an cailín bocht. Níor leig an tathair no an máthair an leanbh amach ar na cnuic níos mó indiaidh sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Gearrbhaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Gearrbhaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall