Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)theach phobail seo san bhliadhain 1783. Teac beag ceann tuighthe a bhí ann. Bhí na daoine bocht agus cha dtig leobhtu rud níos mó a deanam, acht mar sin féin bhí bród mór orthú cionnus go rabh teach phobal ar bith acú, agus go rabh siad ábalta anois a dhul an Aifrinn i lar an lae gheal in áit an dorchadas na h-oidhche.San bhliadhain 1830 bhí sagart ins an paroíste seo dar ainm an t-athair Ó Ródain. Thóg se an teach phobail ag an Caisleán Mór (sin ainm an áit a thug an Wary (sic) an talamh d'on t-athair Eanos) ath-uair agus rinne se é dhá thit comh mór agus bhí se an chéad uair, agus chuir sé ceann maith sglataí air.Sé teach phobhail bhreag mór a bhí ag na daoine anois, agus tá an teach phobail ceadna againn go foíl. Tá se ag éirigh rud beag sean anois ach mar sin féín, tá brod orainn uilig fa dtaob do, cionnus go rabh se ceann den chéad teach phobal a bhi togadh i ndiaidh aimsir na Droch Dlighthe ins an Conndae seo. Agus sé sin a dóigh a togadh an teac phobail an Chaislean Mor, agus se sin an sort saoghail a bí ag sagart bocht ins an aimsear Peannaideacha, agus seo uilig atá agam le radh fa dtaob da na droch laethe sin.
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)