School: Druim na Rath (roll number 12428)

Location:
Droim na Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 258

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1076, Page 258

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Druim na Rath
  2. XML Page 258
  3. XML “Sagairt den Aimsir Pheannaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    theach phobail seo san bhliadhain 1783. Teac beag ceann tuighthe a bhí ann. Bhí na daoine bocht agus cha dtig leobhtu rud níos mó a deanam, acht mar sin féin bhí bród mór orthú cionnus go rabh teach phobal ar bith acú, agus go rabh siad ábalta anois a dhul an Aifrinn i lar an lae gheal in áit an dorchadas na h-oidhche.
    San bhliadhain 1830 bhí sagart ins an paroíste seo dar ainm an t-athair Ó Ródain. Thóg se an teach phobail ag an Caisleán Mór (sin ainm an áit a thug an Wary (sic) an talamh d'on t-athair Eanos) ath-uair agus rinne se é dhá thit comh mór agus bhí se an chéad uair, agus chuir sé ceann maith sglataí air.
    Sé teach phobhail bhreag mór a bhí ag na daoine anois, agus tá an teach phobail ceadna againn go foíl. Tá se ag éirigh rud beag sean anois ach mar sin féín, tá brod orainn uilig fa dtaob do, cionnus go rabh se ceann den chéad teach phobal a bhi togadh i ndiaidh aimsir na Droch Dlighthe ins an Conndae seo. Agus sé sin a dóigh a togadh an teac phobail an Chaislean Mor, agus se sin an sort saoghail a bí ag sagart bocht ins an aimsear Peannaideacha, agus seo uilig atá agam le radh fa dtaob da na droch laethe sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
    Language
    Irish
    Collector
    Éamonn Mac Dhúrnáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir