Scoil: Dún Fhionnachaidh (2) (uimhir rolla 9002)
- Suíomh:
- Dún Fionnachaidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Ó Canainn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Tighearna LiathdromaIs beag smaoitiú ag bunadh na bhfhrathacha seo anois caidé mar mhair a sinnsear cead blian ó shoin. Na tighearnaí talmhan sin! Na sionnaigh! Na Ieomhan! Na diabháil sin! agus níos measa na diabhail!
Bhain an tighearna Liathdroma bárr cadhnaidheachta ortha uilig.
Ainspiorad a bhí ann. Bhí sé cómh mór sin de bhrúid gur sileadh gurbh é Belseobub fhéin é.
Iomda sin fear a d'fhag sé sa chill, iomdha clann ar an bhothar agus léar ingean faoi náire.
Ach ní bhíonn an neart buan.
Choinnigh sé coimhead maith. Bhíodh lucht cosanta leis i gcómhnaidhe. Ní shuidheadh sé chun bidhe gan duine beith ag á lámh.(leanann ar an chéad leathanach eile)