Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoirí: Tomás Mac Fhionghaile Brighid Ní Cheallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)254Tá an fear sin 66 bliadain fuiar se an scéal sin ó na athair nuair a bí sé óg sa'n bliadain 1826.
- Toibreacha beannuithe.Tá tobar beannuithe darbh ainm tobar an Dúin agus tá sé suidhte in aice le Tearmann. Téigheann an cuid daoine ar chuairt chuig an tobar sin acht go mór mór ins an t-Samhradh. Ar an Domhnach a téigheann siad go tobar an Duin. Tá poll beag ag an tobar agus fágann daoine Coroin Mhuire agus píosaí beaga de éadach agus fosta fágann siad airgead ins an pholl. Nuair a sroicheann siad an tobar baineann siad a gcuid brog dobhtha agus shiubhlann siad thart ar an áit trí h-uaire agus iad costarnochta. Bíonn cupla buideal leobhtha agus bíonn an t-uisge chun na bhaile leobhtha. Ólann siad trí deochranna de uisge ag an tobar agus gnidheann siad iad féin a coisriocadh trí h-uaire indiaidh a chéile. Deirtear go rabh fear óg ann, agus bhí sé creapálta agus thug a cuid caraid go tóbar Dúin é, agus chuaidh sé thart ar an tobar trí h-uaire agus léighiseadh é agus d’fhág sé na bhata ina dhiaidh ag an tobar. Téigheann chuid mhór daoine tinn agus daoine na bhfuil an t-sláinnte aca chuig an tobar sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)