Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)
- Suíomh:
- Baile Láir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh A. Mac Congáile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballylar
- XML Leathanach 103
- XML “Amhrán”
- XML “Liosanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Éist le mo sgéal a dhuine chóir,”
(ar lean ón leathanach roimhe)Chaill mé mó bhealac acht bhí tú
le mo thabhairt annseo anocht.- Deirtear go bhfuil lios thios ar thalamh Mac Chongbhaile ins an Bhaile-Úr. Tá sé deánta le taobh charraig mhór agus thiocfadh leat a dhul isteach ann. Tá cuma chruinn air agus tá sé deánta de leacacha. Tá sé tuairm a's an triocha troigh ar aoirde.Deirtear go bhfuil droch ádh ar an lios. Bhí cuid mhór sidheógaí ann, tá tamall ó shoin acht ní'l siad ann anois. Deirtear gur marbhuigheadh cuid mhór ainmhidhe air. Tá cúpla áit ann a dtig leat a dhul isteach ann. Níl fios ar aon lios in aice leis an lios seo.Tá lios eile ar thalamh Phádraig Ó Baoighill i mBaile Mhic Gabhann. Tá ballaí thart ar an lios. Tá na ballaí leagtha anois, agus tá cuid mhór crann ag fás thart air.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Bheaglaoich
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Seanach, Co. Dhún na nGall