Scoil: Ballylar (uimhir rolla 10444)

Suíomh:
Baile Láir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh A. Mac Congáile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 106

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1090, Leathanach 106

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ballylar
  2. XML Leathanach 106
  3. XML “Filí an Bhaile”
  4. XML “Filí an Bhaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ní rabh mórán daoine thart fá seo maith ag deánamh fidhileachta. Ba é Mici Eogain Pháidí a b'fheárr. Rinne sé cuid mhór amhrán fá dhaoine. Rinne sé ceann fá Sheamus Mhící Mhaoil agus fear a bhí i na chomhnaidhe ar an t-Seanach. Ní rabh mórán léighinn aige acht muna rabh fhéin bhí sé ábalta amhráin a dheánamh. I nGaedhilg a rinne sé an chuid is mó d'a chuid amhran. Bhí sé i na chomhnaidhe ar an t-Seanach, agus bhí sé na fheirmeóir. Tá sé marbh anois le chomhair a bheith naocha bliadhain.
    Ní rabh mórán eile a dtiocfadh leo amhráin a dheánamh acht ammháín Seán Ó Buadaigh agus Cathal Mac Gradhann. Bhí siad i na gcomhnaidhe i nDromanaigh. Sgríobhadh siadsan an chuid is mo de na dántaí agu sna h-amhrain. Rinne sé an chuid is mó aca i mBéarla. Tá an bheirt aca marbh anois. Rinne Seán Ó Buadhaigh amhrán fá "Mo shean Dhún na nGall."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chealachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile Láir, Co. Dhún na nGall