School: Boltifree (roll number 9764)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Boltifree
- XML Page 179
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear uasal ann i bhfad ó shoin.”
(continued from previous page)gloine agus chuaidh sé ar mheisge. D’éirigh an t-athair lá ar na bhárach. Bhí an balla leagtha agus an mac na luighe ar meisge i dteach an t-sibín. Dubhairt sé leis an dara fear go gcaithfeadh sé suidhe an oidhche sin go bhfeicfeadh caidé bhí ag teacht air. Nuair a tháinig an oidhche chuaidh an fear sin amach cóta mór agus gunna leis. Shuidhe sé ar an bhalla go rabh speárthai an lae ann. Rinne sé amach nach dtiocfadh dadaidh ar an bhalla. D’imthigh sé go teach an t-sibín mar a rinne an fear eile. Ag éirigh dó’n athair ar maidin bhí an balla leagtha agus eisean na luighe ar meisge i dteach an t-sibín. Dubhairt sé leis an mhac a ba óige go gcaithfeadh seisean suidhe an oidhche seo. Indiaidh na h-oidhche thug sé leis cóta mór agus gunna. Shuidh sé ar an bhalla go rabh an lá ag teacht. Tháinig an lá. Bhog sé thart annsin. Bhí sé ag cóimhead uaidh fríd an fhairrge. Chonnaic sé bád glas ag tarraingt air agus níor stad sé ariamh go(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Address
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Duimnic Ua Ghallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Cró na Doinne, Co. Dhún na nGall