Scoil: An Cuimín (uimhir rolla 6162)

Suíomh:
An Coimín, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Cuimín
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Religious - Oíche Fhéile Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Leagfaidhe an tábla agus gnidhfidhe tae. Bhéadh corróg luachra amuigh. Rachaidh fear an toighe amach agus nuair a bhéas sé ag teacht leis an chorróig, béidh muinntir an toighe ag urnuighthe.
    Déirfidh sé: "Gabhaigidh ar bhur nglúnaibh, foscailigidh bhur súile agus leigigidh isteach Brighid."
    Déirfidh siadsan istoigh: "'Sé beatha, 'sé beatha." Déirfidh siad seo trí h-uaire agus tiocfaidh seisean isteach 'na dtrí gcoiscéim.
    Fágfaidh sé an chorróg faoi an tábla ar a bhfuil an tae air. Ólfaidh siad uilig an tae agus toiseochaidh siad go h-uile ag deunamh na gcros annsin.
    Fágthar iad ar feadh trí lá sul a gcuirfidhe suas iad. Chuirfidhe uisge coisreactha ortha i gcoinn na dtrí lá agus chuirfidhe i n-áirde iad.
    Tháirneochadh cuid aca feag amach agus chuirfeadh siad trasna ar a gceann é le tinneas cinn a léigheas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Ní Laodhóg
    Inscne
    Baineann
    Aois
    62
    Seoladh
    An Clochán, Co. Dhún na nGall